Faisnéis Covid-19
Leabharlanna ón mBaile
Faoi shrianta leibhéal 5, tá ár leabharlanna dúnta. Táimid fós ag soláthar e-seirbhísí, le e-leabhair agus e-closleabhair, úrscéalta grafacha, nuachtáin ar-líne, irisí, greannáin, cúrsaí foghlamtha, agus imeachtaí ar-líne agus ceardlanna san áireamh. Le do thoil, tabhair cuairt ar ár leathanach Idirlín chun tuilleadh eolais a fháil.
Tá athnuachan curtha ar gach ballraíocht atá ag dul in éag sna seachtainí atá ag teacht, go dtí 1 Aibreáin 2021. Tá athnuachan curtha ar gach earra atá in ainm a bheith ar ais, go dtí 1 Aibreáin 2021. Níl aon fhíneáil i gceist.